CINNEADH
ón gCOMHAIRLE
an
a leasaíonn an Ionstraim maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, i gceangal leis an gCinneadh ón gComhairle 76/787/CEGC, CEE, Euratom an 20 Meán Fómhair 1976
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 190(4) de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 108(3) agus (4) de,
Ag féachaint don
dréacht ó Pharlaimint na hEorpa [1],
Ag féachaint don
aontú ó Pharlaimint na hEorpa [2],
De bhrí gur
chóir:
(1) An
Ionstraim maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil
chomhchoiteann dhíreach (dá ngairtear "Ionstraim 1976" anseo feasta),
a leasú chun gur féidir comhaltaí a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach
i gcomhréir le prionsabail is coiteann do na Ballstáit uile agus san am céanna
saoirse a fhágáil ag na Ballstáit a gcuid forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm
ar ghnéithe nach bhfuil folaithe sa Chinneadh seo.
(2) Chun inléiteacht na
hIonstraime arna leasú sa Chinneadh seo a fheabhsú, na forálacha a athuimhriú
ar mhaithe le téacs comhdhlúite níos soiléire a chur ar fáil,
TAR ÉIS NA
FORÁLACHA SEO A LEANAS A LEAGAN SÍOS a mholann sé dá Ballstáit lena nglacadh i
gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
Airteagal 1
Tá an Ionstraim
maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann
dhíreach, i gceangal leis an gCinneadh ón gComhairle 76/787/CEGC,
CEE, Euratom [3]
an 20 Meán Fómhair 1976 (dá ngairtear "Ionstraim 1976" anseo
feasta), arna leasú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
1) in
Ionstraim 1976, amach ó Airteagal 13, cuirtear "comhalta de Pharlaimint na
hEorpa" in ionad na bhfocal "ionadaí" nó "ionadaí i
bParlaimint na hEorpa";
2) Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 1:
"Airteagal 1
1. I ngach Ballstát, toghfar comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa ar bhonn na hionadaíochta cionmhaire de réir liosta-chórais nó ar mhodh aon vóta inaistrithe amháin.
2. Féadfaidh Ballstáit vótáil a údarú arna bunú ar liosta-chóras tosaíochta i gcomhréir leis an nós imeachta arna ghlacadh acu.
3. Déanfar na toghcháin trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus beidh siad saor agus faoi rún.";
3) Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 2:
"Airteagal 2
I gcomhréir lena chor náisiúnta sonrach, féadfaidh gach Ballstát toghlaigh a bhunú le haghaidh toghchán do Pharlaimint na hEorpa, nó a thoghlimistéar a fhoroinnt ar dhóigh eile, gan difear a dhéanamh i gcoitinne don chóras vótála bheith cionmhar.
Airteagal 2A
Féadfaidh Ballstáit tairseach íosta a leagan síos maidir leis na suíocháin a dháileadh. Ní féidir gur mó an tairseach sin ag an leibhéal náisiúnta ná 5% de na vótaí arna gcaitheamh.
Airteagal 2B
Féadfaidh gach Ballstát uasteorainn a leagan síos maidir le caiteachas feachtais na n-iarrthóirí.";
4) Déantar Airteagal 3 a leasú mar a leanas:
(a) scriostar mír 1 agus déantar míreanna 1 agus 2 de mhíreanna 2 agus 3;
(b) i mír 1 nua, cuirtear "an tréimhse cúig bliana a bhfuil na comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa tofa ara feadh" in ionad na bhfocal "an tréimhse cúig bliana sin";
(c) i mír 2 nua, cuirtear tagairt do "mhir 1" in ionad an tagairt do "mhír 2";
5) Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 4(2):
"2. Beidh ag comhaltaí de Pharlaimnt na hEorpa na pribhléidí agus na díolúintí a bhaineann leo de bhua Phrótacal an 8 Aibreán 1965 ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach.";
6) Déantar Airteagal 5 a aisghairm;
7) Déantar Airteagal 6 a leasú mar a leanas:
(a) i mír 1:
(i) sa tríú fleasc, ag an deireadh, cuirtear isteach na focail "nó Chúirt na Céadchéime";
(ii) cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas idir an tríú agus an ceathrú fleasc atá ann:
"– chomhalta de Bhord Stiúrthóirí an Bhainc Cheannais Eorpaigh,";
(iii)cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas idir an ceathrú agus an cúigiú fleasc atá ann:
"– Ombudsman na gComhphobal Eorpach,";
(iv) sa chúigiú fleasc atá ann scriostar na focail "chomhalta de Choiste Comhairleach an Chomhphobail Eorpaigh de Ghual agus Cruach nó ";
(v) sa séú fleasc atá ann scriostar na focail "an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach",
(vi) in ionad an ochtú fleasc cuirtear an fhleasc seo a leanas:
"– oifigigh nó sheirbhísigh ghníomhaigh d’institiúidí na gComhphobal Eorpach nó de na sainchomhlachtaí a ghabhann leo nó den Bhanc Ceannais Eorpaigh.";
(b) i ndiaidh mhír 1, cuirtear an mhír seo a leanas isteach agus déantar míreanna 3 agus 4 de mhíreanna 2 agus 3 atá ann:
"2. Ó na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i 2004 ar aghaidh, ní bheidh oifig comhalta de Pharlaimint na hEorpa ag luí le hoifig comhalta de pharlaimint náisiúnta.
De mhaolú ar an riail sin agus gan dochar do mhír 3:
– féadfaidh comhaltaí de Dháil Éireann a thoghtar do Pharlaimint na hEorpa ag toghchán iardain sainordú dúbailte a bheith acu go dtí an chéad toghchán eile do Dháil Éireann tráth a bheidh an chéad fhomhír den mír seo infheidhme;
– féadfaidh comhaltaí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe atá freisin ina gcomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa sa tréimhse cúig bliana roimh an toghchán do Pharlaimnt na hEorpa i 2004 sainordú dúbailte a bheith acu go dtí na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i 2009 tráth a bheidh an chéad fhomhír den mír seo infheidhme.";
(c) i mír 3 nua cuirtear "leathnú" in ionad "leagan síos" agus cuirtear tagairt do Airteagal 7 in ionad an tagairt do "Airteagal 7 (2)";
(d) i
mír 4 nua cuirtear "míreanna 1, 2 agus 3" in ionad "míreanna 1
agus 2";
8) Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 7:
"Airteagal 7
Faoi réir fhorálacha na hIonstraime seo, beidh an nós imeachta toghchánaíochta i ngach Ballstát faoi rialú ag a fhorálacha náisiúnta.
Na forálacha náisiúnta sin, a fhéadfaidh más iomchuí aird a thabhairt ar an gcor sonrach sna Ballstáit, ní dhéanfaidh siad difear i gcoitinne do chionmhaireacht an córas vótála.";
9) Déantar Airteagal 9 a leasú mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear na focail "ar an dáta agus ag na hamanna a shocróidh" in ionad na bhfocal "ar an dáta a shocróidh";
(b) i mír 2, cuirtear na focail "Ní fhéadfaidh na Ballstáit torthaí an chomhairimh a phoibliú go hoifigiúil" in ionad na bhfocal "Ní thosófar ar chomhaireamh na vótaí";
(c) scriostar
mír 3;
10) Déantar Airteagal 10 a leasú
mar a leanas:
(a) i
mír 1, cuirtear na focail "an tréimhse toghchánaíochta" in ionad na
bhfocal "an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 9(1)";
(b) sa
dara fomhír de mhír 2, cuirtear na focail " tréimhse eile toghchánaíochta
a shocrú, mí amháin ar a laghad roimh dheireadh an téarma cúig bliana dá
dtagraítear in Airteagal 3, ar tréimhse í nach luaithe ná dhá mhí
roimh " a chur in ionad na bhfocal "tréimhse eile a shocrú nach
luaithe ná mí roimh";
(c) i
mír 3, scriostar na focail "d’Airteagal 22 den Chonradh ag bunú an
Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach", cuirtear "Comhphobal
Eorpach" [4] in ionad "Comhphobal Eacnamaíochta
na hEorpa", agus cuirtear na focail "tréimhse toghchánaíochta"
in ionad na bhfocal "tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 9(1)";
11) In
Airteagal 11, scriostar na focail "Fad a bheifear ag feitheamh le teacht i
bhfeidhm an nós imeachta comhionainn dá dtagraítear in Airteagal 7(1)";
12) Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 12:
"Airteagal
12
1. Tiocfaidh suíochán chun bheith folamh nuair a chríochnaíonn sainordú comhalta de Pharlaimint na hEorpa ar é d’éirí as oifig, é d’fháil bháis nó ar an sainordú a tharraingt siar.
2. Faoi réir fhorálacha eile na hIonstraime seo, leagfaidh gach Ballstát síos nósanna imeachta iomchuí chun aon suíochán a thagann chun bheith folamh le linn na tréimhse cúig bliana dá dtagraítear in Airteagal 3 a líonadh don chuid eile den tréimhse sin.
3. Má fhoráiltear go sainráite sa dlí i mBallstát sainordú comhalta de Pharlaimint na hEorpa a tharraingt siar, críochnóidh an sainordú sin de bhun na bhforálacha dlí sin. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi.
4. Nuair a thagann suíochán chun bheith folamh ar comhalta d’éirí as oifig nó d’fháil bháis, cuirfidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa na húdaráis inniúla sa Bhallstát i dtrácht ar an eolas láithreach.";
13) Déantar Airteagal 14 a aisghairm;
14) Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 15:
"Airteagal 15
Tarraingíodh an Ionstraim seo suas sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin.
Is cuid dhílis den Ionstraim seo Iarscríbhinní II agus III.";
15) Déantar Iarscríbhinn I a aisghairm;
16) In Iarscríbhinn III, scriostar an Dearbhú ó Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine.
Airteagal
2
1. Déantar na hAirteagail agus Iarscríbhinní d’Ionstraim 1976, mar atá arna leasú sa Chinneadh seo, a athuimhriú i gcomhréir leis an gclár coibhéise atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus beidh siad ina gcuid dhílis de.
2. Déantar crostagairtí do na hAirteagail agus Iarscríbhinní d’Ionstraim 1976 a oiriúnú dá réir. Is amhlaidh leis na tagairtí do na hAirteagail sin agus dá foranna atá sna Conarthaí Comhphobail.
3. Tuigtear na tagairtí d’Airteagail d’Ionstraim 1976 atá in ionstraimí nó gníomhartha eile mar thagairtí d’Airteagail d’Ionstraim 1976 mar atá arna n-athuimhriú de bhun mhír 1 agus, faoi seach, do mhíreanna na n-Airteagal sin, mar atá arna n-athuimhriú sa Chinneadh seo.
Airteagal
3
1. Gabhfaidh éifeacht leis na leasuithe dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 ar an gcéad lá den mhí a leanann na Ballstáit forálacha an Chinnidh seo a ghlacadh, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl d’Ardrúnaíocht na Comhairle go bhfuil na nósanna imeachta náisiúnta comhlánaithe acu.
Airteagal
4
Foilseofar an Cinneadh seo san Iris Oifigiúil.
Arna dhéanamh sa
Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle An tUachtarán
________________________
IARSCRÍBHINN
CLÁR COIBHÉISE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2 DEN CHINNEADH ÓN COMHAIRLE AN …A LEASAÍONN AN IONSTRAIM MAIDIR LE TOGHADH IONADAITHE DO PHARLAIMINT NA HEORPA TRÍ VÓTÁIL CHOMHCHOITEANN DHÍREACH, I GCEANGAL LEIS AN GCINNEADH ÓN GCOMHAIRLE AN 20 MEÁN FÓMHAIR 1976
Seanuimhir |
Uimhir nua |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 A |
Airteagal 3 |
Airteagal 2 B |
Airteagal 4 |
Airteagal 3 |
Airteagal 5 |
Airteagal 4 |
Airteagal 6 |
Airteagal 5 (aisghairthe) |
— |
Airteagal 6 |
Airteagal 7 |
Airteagal 7 |
Airteagal 8 |
Airteagal 8 |
Airteagal 9 |
Airteagal 9 |
Airteagal 10 |
Airteagal 10 |
Airteagal 11 |
Airteagal 11 |
Airteagal 12 |
Airteagal 12 |
Airteagal 13 |
Airteagal 13 |
Airteagal 14 |
Airteagal 14 (aisghairthe) |
— |
Airteagal 15 |
Airteagal 15 |
Iarscríbhinn I (aisghairthe) |
— |
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn II |